School: Glashaboy (roll number 10569)
- Location:
- Glashaboy North, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Leighin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Glashaboy
- XML Page 550
- XML “Mar a Fuair 'Dún Bolg' a Ainm”
- XML “Mar a Fuair 'Carraig na bhFear' a Ainm”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ait ar an dtaobh theas de Carraig na bhFear 'seadh Dúnbolg. Deirtear go bhfuair sé a ainm sa t-slighe seo:Fadó nuair do tháthuigh an Torc Fiadhain mágha agus gleannta na banban do chuaidh dhá Fhioguidhe amac lá ar thóir cinn a bhí sa cheanntar. Do chaith ceann des na fearaibh leis ar an dtaobh theas de Carraig na bhFear agus do ghoin sé é. Bhí sé lán d'olc ansan agus d'iompuigh sé ar an Fíaguidhe a chaith an tsleagh leis, thug fogha lé (?) agus bhain na putóga amac as. An fear eile tar-éis do teacht i radharc a comráide agus ar bhfeisgint do an stáid 'na raibh sé do ghlaoidh sé amac "Dun Bolg." Ó shoin i leith tugadh an t-ainm Dun Blog ar an áit.Dun Bolg an sean ainm a bhí ar Carraig na bhFear leis. Roimh eirighe amac na nGearaltac i nDeasmhumain ba le muinntir Uí Caoimh as Gleann a' Phréacháin paróiste Dun Bolg. Tá roilg an-arsa i nDún Bolg agus tá morán fear cáileamhail curtha ann. Tá fear curtha ann darbh ainm Donnchadha Ó Floinn. Eiseann a thug a ainm do leabhar Liosmór.
- Collector
- Liam Ó Leighinn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Tá trí scéalta ann a minigheas connus ar bhfuair an áit seo a ainm.(a) Sa bhliain 1600 do thóg Dómhnal Mac Cárthaigh Caisleán in airde ar Charraig in aice le Dún Bolg(continues on next page)