School: Baile Choitín (C.) (roll number 16110)
- Location:
- Ballycotton, Co. Cork
- Teacher: Caitlín Ní Rignigh
![The Schools’ Collection, Volume 0394, Page 087](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0394%2FCBES_0394_087.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0394, Page 087
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Choitín (C.)
- XML Page 087
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mó scéal suimeamhail i taobh ár Slánathóra atá i mbéalaibh na ndaoine. Scéal ana shuimeamhail iseadh an scéal i dtaobh an "Cros Ghobh." Nuair do chéas Giúdaigh Íosa Críost Aoine Chéasta. Núair abhí ár Slánuightheor táirnighthe ar an gCroich aca d'imthigh siad abhaile. D'fhág síad an Croch ina seasamh agus Íosa céasta uirti.
Taréis tamaill tháinig an t-éan beag san thart. Connaic sé Íosa céasta ar an gCroich agus bhí truagh mhór aige Dhó. "Saorfaidh mise Thú, a Íosa," ars' an t-éan. Dhein sé iarracht leis na táirngí a tharraingt amac as corp Íosa le na ghob. Acht bhí na táirngí ró-mhór agus ró láidir agus theip air a dtarraingt amach.
Ní raibh a ghob sáthach láidir leis na táirngí a tharraingt. Dhein sé íarracht agus íarracht agus íarracht len dtarraingt. Cham sé a ghob insan t-slighe sin. Agus sin é an fáth go bhfuil cros-gob air ó shoin. "Cros-ghob" is ainm dó. Tá brollach dearg air leis mar tá ar an spideóig. Nuair bhí sé ag iarraidh na dtáirngne a tharraingt chuimil sé leis an bhfuil abhí ar lamha agus(continues on next page)- Collector
- Eibhlís Ní Sleimhne
- Gender
- Female