School: Baile Choitín (C.) (roll number 16110)
- Location:
- Ballycotton, Co. Cork
- Teacher: Caitlín Ní Rignigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Choitín (C.)
- XML Page 097
- XML “Na Prátaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cuireann na feirmeóirí go léir prátaí ar an bhfeirm, gach bhlían. Síad na fir a ullmhuigheann an talamh ina gcóir. Cuirtear leasú ar an dtalamh roimhré acht dá mbeadh piastí ins an dtalamh is aoileach a cuirtear air. Feamnach agus leasú ó mhacha na feirme a cuirtear ar an dtalamh de gnáth acht uaireannta cuirtear "guano" ar an dtalamh.Is i ndrilleanna a cuirtear síol na bprátaí. Le céachta a deintear na drilleanna. Usáideadh ceáchtaí d'adhmaid roinnt blian ó shoin. Ní úsáidtear anois íad mar tá ceáctaí iarainn acu. Ní deintear na rámhainní im cheanntair acht ceannuíghtear i gCorcaig iad. Gearrtar na síol praí agus deintear sciolláin diobh. Ní folair súíl abheith i ngach sciollán. Núair abhíonn síad ag cur na bprátaí bíonn buicéid in a láimh clé agus bíonn síad ag cur na síol le na lamha dheas.(continues on next page)