School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn na h-aontaighe ins na bailte móra agus ins na bailte. Bíonn aontaighe i dTúir Mhoc Éidigh, i mBéal Átha h-Éin, i nAchadh Fhobhair. Bíonn aonach i dTúir Mhic Éidigh. Lá Fheile Peadar is Póil gach bliadhain. Bíonn siopa beaga ag díol milseán, briosga, oráistí, ubhla i gach rud eile mar sin. Nuair abhí an margadh dúanta buaileann duine an duine eile ar an mbois le 'na bhos fhéin. Cuireann an [ceannuightear] salachar ar na beithidhigh le 'na mhaide. Tugtar éirnist le gach a díoltar.Nuair a bhíonns fear an tíghe ag dul go dtí an t-aonach caitheann bean an tighe an clu no sean-bhróg 'na dhiaidh ionnus go mbéidh sé ádhmhar.
- Collector
- Caitlín Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Informant
- Mícheál Mac Ging
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo