School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)
- Location:
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Teacher: Liam Seóighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh cuid de na h-aontaighe ins na bailte móra fadó agus bhíodh cuid eile díobh amuigh fé'n dtuaidh. Bíonn aontaighe fé'n dtuaidh an lá indiu freisin. Téigheann ceannuightheóirí ó thigh go tigh ag ceannach stuic. Tá gach aonach ann anois sa bhí ann fadó. Tá áit speisialta sá tsráid le h-aghaidh na h-aontaighe. Tugann an ceannuightheóir beagán airgid ar ais do'n díoltóir chun ratha sin é an éirnis. Tugtar leath-choróinn thar ais i gcomhnuidhe beagnach.
Nuair a bhíonns an margadh déanta tugann an ceannuightheóirí leadóg ar an láimh do'n díoltóir. Nuair a bhíonn's na bheithidhigh díolta cuireann an ceannuightheóir salachair ar a dhruim le na mhaide. Ní tugtar a' ceannrach le capall nuair a díoltar é(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Ging
- Gender
- Female
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
- Informant
- Mícheál Mac Ging
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo