School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg (roll number 13469)

Location:
Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo
Teacher:
Liam Seóighe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0090D, Page 14_029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0090D, Page 14_029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doirín Dáimh Dheirg / Dereendafderg
  2. XML Page 14_029
  3. XML “Dá mBeadh Trí Ghuí agam”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dá mbéadh trí ghuidhe agam
    Chuala mé trácht ar na daoinibh maithe agus na daoinibh beaga, agus dubhairt mo sheanathair fadó go bhfeiceadh sé sidheóga ag rinnce thuas ar an gcnoc. B'fhéidir go bhfuil sidheóg ann agus bféidir nach bhfuil ach pé scéal é ní bhfacha mé púca nó lepréachán le'm shaoghal. Acht dá bhfeicinn sideóga agus dá bhfaghainn trí ghuidhe d'iarrfainn an t-sláinte ar dtús is dócha. Is fearr an t-sláinte ná óír ná airgead agus nuair nach mbínn an t-sláinte ag duine ní cuireann se spéis i rud ar bith.
    D'iarrfainn saoghal fada mar is fearr é a bheith beo na marbh. "Nach mór an nidh bheith ag baint lae as." Is milis agus is luachmhar, an rud é an t-anam. Céard d'iarrfainn anois? Tá ceann amháin fághtha agus ní fuláir a bheith cúramach. Ba maith liom near airgead a fhághail dar ndóíg. Ba maith liom freisin a bheith eireamhail (?) gearcúiseach, dóigheamhail, láidir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Ciarragáin
    Gender
    Female
    Address
    Doire an Daimh Dheirg, Co. Mayo