Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 Nollaig 1935
- Collector
- Locations
On this page
- Do chómhnuig fear fudó ar Tuar A’ t-Samhraidh agus 'sé an ainm a bhí air, Dómhnall Ó Séaghdha.
Do bhí muarán Éireann feaimlí aige agus nuair fhásadar suas ’n-a mbuachaillí do bhailbh duine 'ca leis agus níor stad leis riamh is choidhche gur chuaidh sé go Luimneach. Do luig sé isteach lé feirmeóir agus ní raibh a’ fear bocht ró-ghiobánta ar fad ach ’n-a dhiadh san do bhí sé go dian-mhaith chun oibre. 'Sé an obair a bhíodh aige a ndiaidh na mba ’á dtabhairt leis maidean agus tráthnóna agus nuair a thagadh an gheimhreadh air, a’
glana agus a coimeád leaptha fútha. Do bhí seisear cloinne ag an bhfeirmeóir agus do bhí
Seán Ó Sheaghdha bocht a’ gnó ’gus ag obair(continues on next page)