Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 Nollaig 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)126
dtí do raibh sé meadhon na h-oidhche go maith.
Do ghluais sé air a’ teacht abhaile agus do bhí
sé i n-ana-órdú’ go bráth mar do bhí sé
chun dul go pósadh ar lár na mháireach g
dheir siad nách maith dho dhuine bheith ró-
mhisneamhail ná ró-áthastúil i n-ao’ chor
nuair a bhíonn sé amuich ró- dhianach ist-
oidhche. Agus é teacht chun a’ droichid arís
do dhoirchig a’ bóthar tímpal air agus do
chualaidh sé an tóir agus an marbhúghadh go léir
ar a’ mbóthar roimis. "Is dóigh liom, fh
sé, "do bhfuil mo ghnó dianta dom anocht,"
fh sé. "N’fhiadfadh sé dul soir ná siar ag
an achrann buile ’bhí ar a’ mbóthar. Do bhí
bóithre fola ar a’ mbóthar. D’fhan sé ar
cois sheat a’ droihidh ar feadh dhá uair a’
chloig agus do bhailbh sé leis agus do bhuinn sé an
baile amach agus nuair a chuaidh sé isteach, do
thuit sé. Do thóg sé an leabhaidh ar feadh
cheithre seachtmhaine. Ní raibh breis maith un
ar feadh bliana. Do bhí ’athair a’ dul sa
"Cathair lá ’n-a dhiaidh súin agus do thóg sé.
bean isteach sa trucaill ó bhaile ’n sceilg(continues on next page)