Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 Nollaig 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)dur tharraing sé isteach sa digh san áit sin d’áirithe é. Dubhairt sé leis mar a bhfeadair sé faic ach mar sin, Dubhairt mo shean athair ná feadair. Dubhairt Mahony leis gur ghoibh níos mo (daoine) thairis an uair sin na chonnaic sé riamh ar aonach na Catharach. 'Sé an t-é bhí ’á ínnsint seo dhom ’sé mh'athair, beannacht Dé lén’ anm.
Is greanúr a’ scial ná feacaidh mo shean athair aonní is do bhfeacaidh a’ fear eile an
shluagh go léir. Tá sé ráidhte gur mar sin a bhíonn, go bhficeann duine an rud agus ná chídfidh a’ tarna duine é. Deir siad gur fuígheall baistíghe (fé ndeara) é. - ("Is geárr a’ mhoíll é" deireadh Malachy!) Áit mhuar
róinte iseadh an áit seo. D’Éarrach agus de Shéasúr táid siad go flúirseach ann. Tá dhá dhulóig san áit, an dulóg bheag agus a’ dulóg mhuar. Tá an dulóg bheag a mbun thailimh Thaidhg Uí Mh'ruchada agus tá an Dulóg Mhuar a mbun thailimh(continues on next page)