Volume: CBÉ 0148
- Date
- 9 Nollaig 1935
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)211.
cómh flúirseach ag do b’fhéidir a bheith agus caoíre
i gabhair agus cearca agus géidheanna agus lacáin aca
’á mharbhú’ go giubh dá bhfaighidís faidh píce
lom orrtha, ac iad a chuir isteach uatha, ní
raibh aonní eile chun iad a shábháilt. Bhí fear
o Mhuintir Capuaig a gCúm A’ bhóthair fudo
ó shoin de shaoghal, tímpal is dócha is ciad
blian ó shoin, gurbh ainm do Seán Ó Capuaig.
bhí muarán Éireann gabhar aige agus bhíodar
ages ga’ h-aon fear eile gleanna san am
san agus do cheapaidís san am san ná coim-
eádfaidís aon tig mar a mbeadh gabhair
aca. Seadhl do bhí cró aige go gcuirtí na
gabhair isteach (ann) chun iad a crú agus do
cuirtí na mionnáin isteach annsan un
ó’n mada ruadh astoidhche, agus do bhí an cro
dianta a gcoinnibh faille - ní raibh aon
fhalla ó thaobh de ach dianta suas i gcoinnibh
faille - falla ó’n dtaobh eile agus dhá bhínn.
agus dhíon a bhí air agus scraith. Do bhí deich
gcínn fichead de mhíonnánaibh breághtha, muara
láidne, beathaighthe go maith, aistig sa chro:
i nár tháinig dhá mhada ruadh agus do pholladar(continues on next page)