Volume: CBÉ 0283

Date
1928
Collector
Location
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0008

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    8
    ag tuitim agus gan aoinnídh bun os cionn leis.
    Ba ghearr gur bhailigheadar leo féin as an áit ar
    fad agus níor h-airigheadh a thuilleadh uatha.
    Innstear alán eachtraí mar gheall ar an ngaduidhe
    dubh, sé sin saor do bhí ag obair do Ghobnait le
    linn na h-aimsire sin. Do bhí eagla ar an bhfear
    so ná díolfaí é as a chuid oibre agus do bhí sé ag
    cur is ag cúiteamh féachaint cad dob fhearra do a
    dhéanamh chun teacht suas le n-a chuid féin.
    Do bhí capall bán ag Gobnait agus do bhuail
    smaoineamh é gur mhaith an rud an capall so do
    ghoid uaithe. D’fhad sé le oidhche ana dhorcha agus
    seo chun siubhail é leis an gcapall bán.
    Níor dhein sé stad ná cómhnuidhe ar feadh na
    h-oidhche ach ag gluaiseacht air go h-éasgaidh i
    dtreo go mbeadh slighe ana fhada idir é agus Gort
    na Tiobradan nuair a bhéarfadh an lá air.
    Fé dheire do tháinig an mhaidean agus cá raibh
    an gaduidhe ach insan áit go raibh sé an
    tráthnóna roimis sin. Is amhlaidh do thug sé an
    oidhche go léir ag gabháil tímpeall an chlochair i
    n-ionad bheith leathchéad míle ó bhaile.
    Ní innstear cad a thuit amach do ina dhiaidh san ach
    tá gearradh cloiche ar dheallramh an ghaduidhe le feis-
    gint fós i dteampall Ghobnatan.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    19 Márta 1928
    Item type
    Lore
    Language
    Gaeilge
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant