Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
On this page
(no title) (continued)
“Do bhí ar fheirmeoiríbh na h-Éireann deicmheadh a dhíol leis na Sasanaig tráth...”
(continued from previous page)17
mhínigh sé a sgéal di. "Mo sheasamh anois ort"
ar seisean, "agus goid an corcán uatha!"
Nuair a fuair an cailín faill ar an gcorcán
do sgiob sí léi é agus níor chuimhnigh na saighdiuirí
air chun go rabhadar cúpla míle ar an dtaobh thoir
de mhaghchromtha. Do chuireadar giollaí tharnais
de státh reatha á lorg ach do theip glan ortha é
fhagháil nídh narbh iongnadh.
D’fhág san an sgéal go leamh ag lucht na
coróinneach ag an gcúirt ach mar sin féin do bhí
lán a gcroidhe d’eagla ar gach aoinne nárbh fhios
cadé an droch-chrích a bhéarfadh Tadhg.
Do cuireadh fé thriail é agus do cuireadh tharnais
airís i bpríosún é. Do chomáineadar leo ar an
gcuma san ag tabhairt os cómhair na cúirte é
agus a chur siar airís go dtí go raibh chúig bliana
istigh. Annsan do sgaoileadh saor é ach is ar
éigin a thug sé na cosa leis ó na gcrúcaí.
Do bhí buachaill aimsire ag Tadhg agus do
dhein sé an t-amhrán so leanas nuair a bhí
Tadhg fé ghlas:
Is orm do bhí an máighistir fairsing fial fáilteach
Gurbh ainm do Tadhg Bán Ua Tuama
Do bhíodh saill ar an chlár is gach ceann
súirt is fearr(continues on next page)