Imleabhar: CBÉ 0441 (Cuid 5)
- Dáta
- 1935–1937
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- Congnamh."Congnamh Thaidhg a' tSléibhe dho Mhuruach."
- Rannta.
"Tá sé sgríobhtha síos ar thaobh an fhata,
An té chuirfhidh síos é nach é a phlacfhas.""Iúrop, Iúrop cá bhfuil mo mhaide?
Dar bhrigh Iúrop, ar easnachaí Iúrop a bhris mé mo mhaide." [An Lochán Beag] - Salachar.
Salachar a bhíonns a' fás sa talamh:-
Broim-fhéar agus fearbán - an salachar is mó a bhíonns ins na fataí.
Broim-fhéar - bíonn sé cosamhail le féar.
[cf. Foclóir an Duinnínigh:- Broim-fhéar, triticum repens.]
Fearbán - bíonn trí bhiolleóg air ar nós an chlóvar. [cf. Foclóir an Duinnínigh. cf. Foclóir an Raghallaigh: fearbán, ranunculus repens.]
Fliodh - sin salachar eile. [cf. Foclóir an D., fliodh. F. an R. fligh, fliodh, alsine media.]
[Coisméag Mór, Na Forbacha]