Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 188
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ba mhór a bhí a athair mío-shásta leisean fosta. Bhi an Rí anois i muinighin an triomhadh mac, an mac b'óige de'n triúr. D'fiafruigh sé de'n mhac b'óige annsin a' rachadh seisean 'un tsiubhail dó. Dubhairt an mac go rachadh agus céad fáilte, nach dtiocfadh leis déanadh ach a theacht fuar, folamh mar rinne an bheirt eile. D'fiafruigh sé de annsin cé aca bh'féarr leis tuirtín beag agus a bheannacht nó tuirtín mór agus a mhallacht. Dubhairt an mac go rabh sé dona go leor agus a bheannacht a bheith leis ag imtheacht dó gan a mhallacht a bheith leis.
D'éirigh sé ar maidín agus chuaidh i gcionn a' t-siubhail. Shiubhail sé leis nó go dtainig sé fhad leis a'chrois-bhealach cheadna a rabh a dhá dheartar aige. Shuidh sé síos a dh'ithe giota de'n arán. Ní rabh sé i bhfad i n-a shuidhe nó go bhfacaidh sé an seanduine bear ruadh ag tarraingt air. D'fiafruigh an seanduine de a'dtabhairfead sé giota beag de'n arán dó nó go rabh ocras air. Dubhairt seisean go dtabhairfead agus fáilte. D'iarr sé ar an t-seanduine suidhe nó go n-itheadh sé a sháith de. Nuair a bhi a ndothán ithte aca d'éirigh an seanduine agus dubhairt sé leis an mhac gurabh'feárrde dó. Chuir an seanduine a lámh síos ann a phóca agus tharraing aníos ceairtlín[?] bheag. "Seo chugat" arsa an seanduine, "ceairtlín[?] bheag, caith romhat í agus lean duíthe a n-uile áit a dtabhairfid sí thú."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94