Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 212
- XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”
- XML “Scéal fá Bhunadh na gCnoc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhaint amach. Nuair a chualaidh sé sin an sceala thuit sé i laige agus nuair a thainig se chuige fein bhain an bheirt aca an baile amach. Níor sheas cheachtar aca i bhFochar Fhraoich ón la sin amach.
- Sceal fá Bhunadh na gCnocBhí beirt déarthar i n-a gcomhnuidhe ar a' Leargán Bhreac aon uair amháin. Bhi fear aca nach dtabhairfeadh isteach do shidheógaí ar bith ach bheireadh an fear eile. Bhi an bheirt aca ag déanadh póitín lá amháin. Bhí cró beag déanta aca agus ghníodh siad an póitín ann. Bhi gnás aca an t-am sin soitheach a chur faoi'n still agus nuair a thigeadh duine de na daoine beaga fa choinne braon de'n phoitín é a bheith aca le fághail.
Lá amháin bhí an bheirt déarthar ag déanadh an phoitín sa chró. An fear a bheireadh isteach do thaidhbhsí chuir sé soitheach faoi'n still le pian-pháis ar an fhear eile. Le sin thainig duine éigínteacht isteach. D'amharc siad thart. Fear a bhí ann agus bhi gasúr beag ar ghreim laimhe leis. D'iarr sé braon de'n phoitín ortha. Dubhairt siad-san go dtabhairfead siad sin dó is failte. "Maise," arsa an fear, "ní orm-sa atá sé a dhith ach ar an pháiste gasúra. Ní bheadh sé sásta muna dtiginn leis go bhfágadh sé braon maith de'n phoitín." D'ól an gasúr braon maith de'n phoitín agus d'imigh siad leo annsin. Nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall