Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 217
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siodh ScealBhí sagart ann tá fad ó shoin agus ní rabh aige sa teach ach é féin agus cléireach. Oidhche amháín bhí an chodladh ar an t-sagart agus chuaidh sé a luighe go luath, é féin agus a chléireach. I lár na h- oidhche mhothuigh an sagart tormán at an teach. Le sin thainig duine éiginteacht 'an dorais agus bhuail sé é. D'iarr an sagart ar an chléireach éirigh agus an duine a leigint isteach. Acht nuair d'éirigh an cleireach ni rabh duine ar bith ag an doras. Chuaidh sé a luighe arais agus chodlaigh sé. Ach mhuscail an torman arais é. "Ó," arsa an sagart, "tá scairt orm-sa i n-áit éiginteacht agus sin an fáth nach dtig liom codladh." D'éirigh an bheirtaca annsin agus rinne réidh. Nuair a bhi siad ag gabhail amach ar a' doras chonaic siad dhá sholus taobh amuigh. Lean siad na soillse thaire shléibhte agus thaire ghleanntaibh nó go dtí go dtainig siad go dtí áit bheag ghlas i lár Shliabh Liag. Stop na soillse annsin. Bhí fear beag i n-a luighe annsin agus é ag saothrughadh an bháis. Chuir an sagart an ola air agus lá thar na bhárach tugadh a chorp go Cribhínn agus rinneadh fhaire i dtoigh Uí Bheirn.
- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall