Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 218
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siodh ScealBhí fear i n-a chomhnuidhe i Málainn Bhig aon uair amháin. Ni rabh duine ar bith i n-a chomhnuidhe aige ach é féin. Lá amháin bhi sé ag siubhail de chois na trágha. Bhí an lá an-te agus shíl an fear go suidhfead sé síos go ndéanfad sé a scríste. Shuidh. Ní rabh sé i bhfad i n-shuidhe nuair a chonnaic sé bean ag teacht aniar chois na trágha. Bhi sé cóirighthe mar bhéadh bean uasal ann. Ach bean bhocht a bhí innte dár réir a cuma. Shuidh sí ar carraig, bhain sí a cóta duithe agus chaith ag n-a taobh é. Fá chionn tamall d'imigh sí arais an bealach ceadhna as a dtainig sí. Agus caidé rinne sí acht a cóta a fhágail i n-a diaidh. Thug an fear leis an cóta agus reath sé i n-a bhaile leis.
Chuaidh na laethe thart agus lá amháin cé thig isteach chun toighe ionnsoir acht an bhean cheadhna. D;fhan sí aige agus sa deireadh d'iarr sé oirthi a phósadh. Dubhairt sise go ndéánfadh agus lá thar na bháach pósadh an bheirt. Chaith siad cupla bliadhain le chéile. Acht Domhnach amháin nuair a chuaidh an fear chun Aifrinn d'fhág sé a bhean ag coinneál toighe. Chuaidh sise amach a tharraingt féir. Nuair a bhí sí ag tarraingt an fhéir caidé a fuair sí acht a cóta i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seaghan Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall