Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 233
- XML “Seanscéal”
- XML “An Bhean Sí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An Bhean SídheBhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí fuireann i dTeileann aon uair amháin agus ní rabh gar sé lá sa t-seachtmhain a bheith le h-iasgaireacht a dhéanadh, chaithfead siad bheith amuigh Dia Domhnaigh. Bhí iasgaireacht mhór ann san am agus bhí cathughadh ar an airgead.
Cé bith, d'éirigh an fhuireann seo maidín Dia Domhnaigh amhain agus rinne siad réidh le ghabhail amach a d'iasgaireacht. Sháith siad an bád ag ceidh na Trágh'Báine agus chuaidh seachtar fear ar bord. D'fhág siad an chéidh le n-a bheith arais ag Aifreann an dó dheag. D'imigh siad go dtí ait a dtugtar Poll na bPocán air. Chualaidh siad rud eiginteacht mar bhéadh caoineadh ann istigh san allt ach níor leig aonduine air gur mhothiahg siad aon dath. D'iomair siad leobhtha go laidir ag tarraingt - ar eagla go mbéadh duine ar bith a thabhairfeadh an sceal amach. D'eirigh Coinneál Ri na gCat agus dubhairt sé go rabh fear i-stoigh cheana a thug an sceal amach. Thúsaigh siad ag tionntadh na ndabhach agus thainig siad fhad le dabhach Rí na gCat. Bhí Fear na mBréag annsin agus leigheacht ar an bhail a thug siad air. Rug cat lámh air, cat eile cos air agus stróc siad suas i n-a ngiotai beaga é.
Sin an deireadh a bhí ar "Fear na mBréag".(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Mac Niallghuis
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall