Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 277

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 277

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 277
  3. XML “Scéal fá na Fianna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'fhiafruigh Diarmuid díthe annsin an bpósfadh sí é. Dubhairt sise go bpósfadh ach nach dtiocfadh leis a innse díthe trí h-uaire go rabh sí i n-a seanbhean ghránna aon uair amháin. Dubhairt Diarmuid nach ndéanfadh. Pósadh iad tamall i n-dhiaidh sin agus chuaidh siad a chomhnuidhe sa chaisleán ba deise a rinneadh ariamh.
    Lá amháin dubhairt Diarmuid léithe go rabh súil aige a ghabhail ar siubhal go bhfeiceadh sé a chuid comráduidhe, na Fianna. D'iarr sé ar a bhean aire a thabhairt dó a cheithre mhadadh. D'imthigh sé leis agus nuair a bhí sé ar siubhail thainig Fionn go dtín teach deas go bhfeiceadh sé an cailín. Nuair a thainig sé isteach chuir sí fáilte chroidheamhail roimhe. D'iarr sé ceann de na madaidh uirthe agus thug sí ceann dó. Nuair a thainig Diarmuid abhail bhí an fhearg air nuair a chonnaic sé go dtug sí ceann de na madaidh ar siubhal. Dubhairt sé léithe, ba chóir duit cuimhne a chongbhailt ar an oidhche udaidh a tug mé isteach thú do sheanbhean ghránna. Dubhairt sise leis nár chóir dó sin a rádh. Chuimhnigh Diarmuid ar a ghealltanas agus dubhairt sé go rabh sé buaidheartha. Lá thar na bhárach d'imthigh Diarmuid leis a dh'amharc ar na Fiannaibh. Nuair a bhí sé ar siubhal thainig Oisín go dtí n teach go bhfeiceadh sé an cailín. D'iarr sé ceann de na madaidh uirthí. Thug
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó h-Eochaidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Cheapach, Co. Dhún na nGall