Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 278
- XML “Scéal fá na Fianna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí ceann dó. Ach nuair a thainig Diarmuid abhaile bhí fearg mhór air siocair go dtug sí ceann eile de na madaidh ar siubhail. Dubhairt sé, "Ba chóir duit cuimhne a chongbhailt ar an oidhche a leig mé isteach thú agus tú do sheanbhean ghránna." Dubhairt sise annsin nár chóir dó sin a rádh. Chuimhnigh Diarmuid ar a ghealltanas agus dubhairt sé go rabh sé buaidheartha. Lá thar na bhárach d'imthigh Diarmuid arais a dh'amharc ar na Fianna. Nuair a bhí sé ar siubhal thainig Goll a dh'amharc ar an cailín. D'iarr sé ceann de na madaidh uirthe. Thug sí sin dó. Nuair a thainig sé arais agus fuair an triomhadh madadh ar iarraidh bhí an dubh-fhearg air. Dubhairt sé le n-a mhnaoi, "Tar amach annseo, bhí tú uair amháin do sheanbhean ghránna." Dubhairt a bhean annsin leis "Caidé tá tú i ndiaidh a rádh?" Ní raibh sí le feiceáil ní ba mhó agus gidh gur amharc sé i n-uile áit. Nuair a dh'amharc sé arais bhí an caisleán deas imthighthe agus fuair sé fhéin i n-a seasamh ar an chnoc uaigneach, fuar, folamh.
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó h-Eochaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall