Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 279
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean i Málainn Bhig fad ó shoin agus lá amháin nuair a bhí sí ag bogadh cliabháin agus í ag amharc amach ar an fhuinneóig chonaic sí fear ag tarraingt ar an teach agus a dhá láimh thuas ar a éadan. Nuair a chonnac sise ag teacht í shil sí gur fear as a stuaim a bhí ann agus d'iarr sí ar a inghean an bulta a chur ar an doras. Ach d'iarr a inghean uirthe é a leigint isteach. Bhuail sé isteach agus shuidh síos. Tamall in-a dhiaidh sin d'iarr sé ar an inghean braon tae a dhéanadh dó. Rinne sí sin. D'ól sé an tae agus rith an ama a rabh sé istoigh choinnigh sé a lámh ar a éadan. Nuair a bhí sé réidh d'iarr sé uirthe braon uisce a thabhairt dó a nighfeadh a chosa. Thug sí scata uisce dó. Nuair a bhain sé de a chuid stoca bhí siad uilig pollta. Thug an cailín péire eile dó agus chuir se air iad. Nuair a bhí sé ag imtheacht annsin dubhairt sé go dtabhairfeadh sé diolaidheacht díthe lá éiginteacht. Chuaidh an cailín amach 'un dorais in-a sála ach fios nó fáisneis ní rabh le fághail aice air Ní rabh sé le feiceáil thios no thuas. Bhí lachain ag bruth amuigh ag an mhnaoi seo. Maidín lá thar na bhárach d'eírigh an cailín go h-an luath agus leig amach na lachain. Lean sí sios iad go bhfeicead sí ca h-áit a rabh a nead thios san(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó h-Eochaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall