Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 291
- XML “An Tobar Íocshláinte”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tobar Iocshláinte.Bhí sin ann agus is fada ó bhí. Bhí rí agus báinríoghan ann fad ó shoin agus bhí triúr mac agus inghean amháin aca. Lá amháin ghlac an inghean tinneas agus d'fiafruigh an Rí de'n mhac a ba sine an rabh aon dath ar an domhan a leigheasfadh í. Dubhairt an mac go rabh tobar íocshláinte i n-a leithéid seo de áit agus dá bhfaghad sé an iocshláinte go léigheasfaidhe an ghiorrsach. D'imthigh an mac ba sine leis nó go rabh neóin bheag agus deireadh an lae ann agus shroich sé annsin cnoc mór árd Bhí seanduine in-a shuidhe ag bun an chnuic agus d'fiafruigh an seanduine de fáth a thurais. D'innis an mac sin dó. "Tá an ioc-shláinte ar mhullaigh an chnuic seo," arsa an seanduine agus bhéadh sé a dhith ort a bheith do fhear athchomair le mullaigh an chnuic a bhaint amach". "Feuchfaidh mé leis," arsa an mac. Chuaidh sé suas. Nuair a bhí sé giota thuas d'éirigh bean sídhe amach roimhis, tharraing uirthe slat draoidheachta agus rinne carraig chloch de'n ghasúr. Nuair nach rabh an mac ba sine ag teacht abhaile cuireadh 'un t-siubhail an darna mac. Thárla mar i gceudna dó-san. Nuair a chonnaictheas do'n mhac b'óige nach rabh a deártharacha ag pilleadh chuaidh sé ionnsoir(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Anna Nic Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall