Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 18
- XML “An Ghaeilge ar a Choigríoch”
- XML “An Óige, an Saol agus an Bás”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tógadh mise" ar sise. Agus ó tharla oiread airgid agam-sa iagus nach bhfeicim caithte go deo bhéarfaidh mé oiread airgid duit-se agus a thógfas tú fhéin agus do mhuinntie as an bhoichtineacht a choidhche agus é uilig siocair tú do theanga dílis a labhairt i bhfad ó bhaile. Thainic sé na bhaile arais chuig na mhuinntir agus bhí siad na dtrúir beo go sóghamhail ó sin amach.Domhnall Ó Domhnaill (Donnchadh)
Rann na Feirsde
Aois 40 bliadhain
Siopadóir - Bhí Fionn Mac Cumhaill agus a mhór-bhalruigh amuigh ag seilg lá. Lá goirid geimhridh a bhí ann. Bhí spéarthaí troma ann agus neallta móra boga anuad ar bhárr na gcnoc. Le tuitim an tráthnóna mhéaduigh an ceo. Bhí sé comh dlúth ins na gleanntain agus nár léar duit an té a bhéadh ag do thaoibh. D'imthigh fear soir agus fear siar go dtí nár fágadh aon fear ag Fionn Mac Cumhaill ach Goll agus Oscar. Chongbhuidh an trúir acu fhéin greim láimhe ar a chéile ar fad. Shiubhail siad leo ag tuitim agus ag éirigh fríd na túrtógaí go dtí go rabh siad marbh sáruighthe. Thainic an oidhche ach níor corruigh an ceo. Chaill siad a n-uchtach mar shíl siad nach bhfeiceadh siad baile na áit a choidhche. Fá dherieadh chonnaic siad marbh sholas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheal Mac Grianna
- Ainmneacha eile
- Micheal Mac Grianna
- Micheal (Seáinín) Mac Grianna (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall