Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 27
- XML “Feidhlimidh na Fidle agus an Sagart”
- XML “Fear Ghaoth Dobhair agus an Asal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)adhmhail tú" adeir an sagart, "ní bhfuair mise a phós an lánamhain ach punnta amháin". "Dia nár fhóirid ort-sa" arsa Feidhlimidh "d'fhéad do muinntir fidleoir a dheanamh duit-se i dtúis do shaoghail agus n-áit sagart a shéanamh duit".Niall Ó Domhnaill
Doire na Mainsear
Aois 82 bliadhain - Bhí seandhuine i nGaoth-Dobhair fad ó shoin agus bhí asal aige a bhí iongantach fallsa. Ba gnathach leis an samhradh a chaitheamh tabhairt a chuid mónadh na bhaile ón tsliabh leis an asail agus dhá chliabh uirthi. Ba gnáthach leis bata mór a bheith leis fá choinne an t-asal a bhualadh le tabhairt uirthi siubhal go gasta. Lá amháin casadh an sagart Mac Pháidín, a bhí i nGaoth-Dobhair san am, air. Chuir sé ceist ar an tseanduine cad chuige a rabh sé ag bualadh na h-aisle leis an bhata mhor throm sin. "Nach bhfuil fhios agat" arsa an sagart "go bhfuil an asal beannuighthe?. Nach h-í an asal a d'iomchar ár Slánuightheoir go Iarúslam". "Bhál m'anam fhéin a shagairt" arsa an seanduine "dá mbéadh sí seo loebhtha ní bhéadh siad ann go fóill"
Somhairle Ó Domhnaill
Doire na Mainsear
Feirmeóir
Aois 45 bliadhain- Faisnéiseoir
- Somhairle Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall