Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 175
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dá mbeadh bó caithte is é an leigheas a bhíodh ag na daoine í a thomhas [?] h-uaire agus cuid de'n fhionnadh a dhóghadh. Léigheas eile atá [ann?]púdar gunna a phléascadh faoi na ceann. Deirtear gur daoine beaga a bhíos ag ruaig uirthí. Léigheas salachar béil=duine nach bhfaca athair ariamh trí sheideóg chur isteach i mbéal an duine a bhfuil sé air. Sleamhnán= Naoi ndealg spíonóg a chuimilt naoi n-uaire dho do shúil agus é chuimilt naoi n-uaire ar an talamh. Tá duilleóga tae maith fosta.
Bricíneach[?]= trein subh col-faithche a thabhairt dó'n té mbéadh sé air. Leigheas fáirthní= Naoi nglún de ghasannaibh coirce fhágháil agus ocht gcinn chur isteach i bpáipéar agus dhul fhad le crois-bhealach 's an páipéar chaitheamh annsin agus an naomhadh ceann chaitheamh thar do ghualainn chlé. Annsin cé bith duine thógfas an páipéar tiocfaidh na fáirthní air. Tá croidhe circe maith fosta aca. Tá [tobar?] i nGort-An-Choirce agus caithfidh gach duine a téid ann cúig paidreacha agus cúig fháilte-an-aingil a rádh ann. Thig le daoine[?] eile iad a cheannach le leath-phinginn nó le pighinn a thabhairt don té a bhfuil siad air. Dá mbéadh an triuch ar dhuine agus é dhul trí h-uaire faoi bholg asaile agus thaire a druim agus grabhróga a thuitfeadh as a béal a ithe ní thiocfadh an triuch air. Dóghadh= Do theangaidh chuimilt trí h-uaire ar airc shléibhe agus annsin í chuimilt ar an dóghadh. Tá aoileach bó maith fosta. Léigheas ar déideadh= Da dtabhairfeadh duine fáinne a mbeadh pioctúir na scamróighe air duit ní thiocfadh tinneas-fiacal ort an fhaid agus bhéadh an fáinne sin agat. Léigheas eile air= crúb coinín nó girrfhiaidh iomchur i do phóca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall