Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 195
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBhí fear ag gabháil an bóthar. Oidhche dhorcha a bhí ann. Ní rabh fhios aige cé an bealach a bhí sé ag dul nó bhí ólta. Chuaidh sé isteach go teach an phobail agus sheasuigh sé i gcoirnéal. Ní rabh sé i bhfad na sheasamh ann, go dtáinig fear aníos as faoi an urlár agus culaith air mar a bíonn ar shagart. Chuir sé ceist ar an fhear an bhfriotháladh sé an t-Aifreann dó. Níor labhair an fear acht chuaidh sé chuig an tsagart lá thar na bhárach nó gur innis sé dó an sgéal.
D'iarr an sagart air dul agus seasamh ins an áit cheudhna a rabh sé an oidhche roimh sin. Do chuaidh sé ann agus thárla gach aon rud mar tárla roimh sin. Chuaidh sé chuig an tsagart lá thar na bhárach agus d'innis sé an sgéal dó.
Chuaidh sé féin agus an sagart ann an oidhche sin. Tháinig an fear aníos as faoi an urlár agus chuir sé ceist ortha an bhfriothálfadh siad an t-Aifreann dó. Dubhairt siad go bhfriothálfadh . Nuair a bhí sé thart aca chuir an sagart ceist air cad chuige ar dhubhairt sé an t-Aifreann. Dubhairt sé leis; nuair a bhí sé ar an t-saoghal seo go rabh sé 'na shagart, go raibh aifreann amháin nár dhubhairt sé. Agus go raibh sé réidh le dhul na bhFlaitheas anois.- Bailitheoir
- Máire Ní Ghabhann
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Machaire Gathlán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Gabhann
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57