Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 200
- XML “Fear a Báitheadh”
- XML “Fear Eile a Báitheadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an bhliadhain naoi gcéad agus a seacht déag báitheadh stócach fá thuairim seacht nó ocht déag a bliadhna ag an "Bharra" faoi an Fhal-Carrach. Ba mac-leighinn é a bhí ar Chóláiste Cholm-Cille agus tháinig sé go Coláiste Chloich-Cheann-Fhaoiligh a fhóghluim Gaedhilge. Tráthnóna deas samhraidh amháin chuaidh sé féin agus a chuid comhráduidhe síos go dtí an "Barra" fá choinne snáimh. Bhí snámh maith aige acht chuaidh sé amach ró-fhada agus bheir an sruth air agus báitheadh é. Tháinig a athair agus a mháthair fá na choinne agus iad briste brúithte. Bhí tórramh mór leis go dtí stáisiún.
- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Áodh Ua Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Tá sé suas le fiche bliadhain ó tharla an báthaidh seo. Fear ar b'ainm do Tomás Mac Suibhne a baitheadh. Ins an Fhoghmhar a thárla sé. Aon lá amháin bhí sé ag baint an choirce agus corrán a bhí aige. Bhí iomrádh mór go rabh eudálach ag teacht i dtír an t-am seo. Siúd síos a bhean fhad leis agus ar sise, "Nach bhfuil fhios agat go bhfuil eudalach ag teacht i dtír," agus tharraing sé an corrán as a láimh. D'imthigh sé. Do chaith sé tamall maith ag cuartú sula dteachaidh aige aon rud a fhagháil. Acht sa deireadh chonnaic sé léab mhór adhmuid ar an t-snámh. Súid a mharcaidheacht air é agus go díreach nuair a bhí sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curráin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall