Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 212
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)coir. Cé gur cheil mise Dia agus dearg, a Dhia tabhair maithneamhnas damh.
XVIVRachaidh mé a luighe ar mo leabaidh, sara mbéidh mé sínte. Dheánfaidh mise 'mo fhaoistín le Dia fá olcas mo chroidhe. A Mhaighdeán Íosa, bí ag 'mo cheann, a Eóin baiste, na naoi n-Easbal, bí ag 'mo bhonn. A theachtaire Dé bí agam i n-am; go gcuiridh tú séala Chríost ar m'anam dhílis a cheangail Íosa de'n chrann.
Eibhlím Ní Chanainn, Machaire-Rabhartaigh, Gort a'Choirce, Tír Chonaill.
Nuala Ní Ghallchobhair, Cnoc-na-Naomh, Gort a'Choirce, Tír- Chonaill - XXI
Maighdean Mhuire, Máthair Dé, coinneal Mhuire, Flaitheas Dé,
go rabh ag m'anam ar uair mo bháis.Séamus mac Géidigh, machaire-Rabhartaigh, Gort-an-Choirce
Nábla Ní Fhlaithbheartaigh, Machaire-Rabhartaigh,Gort-a'-Choirce. XVII
Ag teacht isteach san eaglais duit a Tighearna, do gheall go mbéidhtheá 'n-ár bhfochair gach uile lá go crích an t-saoghail,
Deónaigh éisteacht le urnaighthibh do sheirbhíseach atá ag guidhe chugat 'sa teampall so. XXIII