Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 219
- XML “Stoirmeacha Móra”
- XML “Stoirm Mhór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an talamh. Bhí fear amuigh ag cruinniú a chuid féir nuair a bhuail splannc é sa chois, agus ní dhearna sé lá maith go ndeachaidh sé san uaigh. Bhí cailín beag ag dul chun an t-siopa leis an tóirneach thoisigh an fhearrthainn acht sa deireadh siabadh amach chun na h-abhna í agus ní fhacthas ní ba mhó í. Bhí teach ceann-tuigheadh ar thaoibh cnuic agus stealladh an taobh amach as; b'éigean daobhtha a ghabhail go toigh na comharsan agus codladh go maidín ann. Bhí saighneáin ins an áird thoir-thuaidh seachtmhain roimh theacht na stoirme.
- Cailleadh beirt fhear as Bun an Inbhir leis an stoirm. Is dócha go rabh siad amuigh ag ceangal a gcuid cruach agus thóg an ghaoth léithe suas iad amach chun na fairrge móire, agus bhí toighthe a chaill a gceann fosta. Leagadh crainn annseo agus annsiúd fríd an cheanntar. Leagadh crann ar bhean arbh ainm díthe Eibhlín Mhór do bhí na comhnuidhe thuas i gCnoc an Léithid, agus ar maidín an lae sin fuaireas marbh í ag bun crainn. Siabadh an cochán amach chun na fairrge móire agus tháinig cuid de isteach ar an chladach i n-Oileán Toraighe agus é na luighe ar an mharc. Cailleadh fuireann as na h-Oileáin Thiar fosta giota beag ar an taobh thiar de Bhun an Inbhir. Chuaidh siad amach ar maidín an lae sin a thógáil potaí gliomach agus bhí an mhaidín do bhí ann fiadhanta ag bád ar bith le bheith ar bhárr na fairrge. Níor mhaith leis na créatúir a gcuid eangach agus a gcuid potaí gliomach a bheith ar shiubhal leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall