Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 226
- XML “Táirgí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus síos leis féin agus an croc go bun na h-abhann. Rith an fear eile leis. Ní rabh sé i bhfad 'na rith gur mhothuigjh sé 'na coiscéimeanna ag teacht 'na dhiaidh, agus an croc idir a dhá láimh leis. "Nach bréagh nár thóg tú mé ag gabháil síos damh", arsa seisean. " Ní rabh mé ábalta, " arsa an dara fear. " Imtheóchaidh muid linn go h-Albain anois, agus díolfaimid an t-ór seo." D'imthigh an bheirt acú go h-Albain an lá thar -na-bhárach, agus níor chualas iomrádh ar bith ortha ó shoin. Bhíodh daoine ag rádh fadó go mbíodh solus le feiseáil achan oidhche thuas i gCnoc -na-Naomh. Nuair a thigeadh an seacht o chlog achan oidhche, bíodh na daoine cinnte leis an t-solus a fheiceáil. Corr uair thógfaidh anáirde é, agus corr uair eile d'éirgheadh sé gorm nó glas, agus (corr) tcífeadh siad na daoine beaga ag damhsa thart fá dtaobh de. Bhí beirt fhear d'arbh ainm Tomás mór agus Taghd na léineadh, i n-a gcomhnuidhe ar an bhaile seo, agus oidhche amháin smaointigh siad go rachadh siad suas go bhfeiceadh siad caidé a bhí ann. Suas leobhtha agus nuair a bhí siad ag tarraingt deas do'n áit chonnaic siad an solus, agus an dara rud a chonnaic siad na fir bheaga seo ag éirghe aníos agus ag damhsa thart fá dtaobh de. Ní rabhas acú cé aca a rachfadh said suas, nó an dtiocfadh siad 'na bhaile. " Suas linn" arsa Tomás Mór go bhfeicfidh muid caidé ata ann."Bhal" arsa Tadhg na Léineadh. Suas leobhtha agus sheasuigh siad a d'amharc ortha, agus ba h-é an dara rud a tháinig siad, iad fein istigh i lár an t-solus agus na daoine beaga ag damhsa thart ortha. Sa deireadh stop siad agus thoisigh na fir bheaga a chainnt eatorra féin. " Caidé a dheunfaidh muid leo", arsa fear acú. " Bheurfaidh muid linn iad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall