Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 237

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 237

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 237
  3. XML “Fir Cháiliúla”
  4. XML “Fir Cháiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Fir Cháileamla.
    Bhí fear istigh i dToraigh aon uair amháin agus deirtear ná'r sheasuighe sé ar thalamh Thoraighe ariamh aon duine a bhí comh fíreannach; ionnraice leis. Níor mhaith leis aon leathphighinn a bheith ag duine ar bith air nó aon leithphighinn a bheith aige féin ar aoinne. Ba ghnáthach leis a bheith ag teacht amach go Tír Mór, a dhíol éisg agus is iomdha duine a gheibheadh iasg uadh nach mbiodh ábalta díol ar a shon ins an am sin. Acht bhíodh siad aige uilig ar bhárr a chuid méar, an méid daoine a rabh airgead acú le tabhairt dó. Acht dá mbíodh aon leithphighinn amháin ag duine thiar ins na Gleanntaí air, theigheadh sé siar go ndíoladh sé é, agus is iomdha uair a chuaidh. Aon uair amhain bhí sgilling aige ar fear as "Bun-an-Inbhear" agus chuaidh an duine bocht san uaigh. Acht ba chuma cé a dhiolfadh é. Bhí aonach thuas i nGort-An-Choirce lá amháin, agus tháinig sé amach go dtí é. Cé bhí thuas ar an aonach an lá seo, acht bean an fhir a rabh an sgilling aige le tabhairt dó. Thug sé fá dear í agus anonn leis fhad léithe, agus dubhairt sé."Bhí sgilling ag d'fhear-sa le tabhairt damh-sa, de thairbhe éisg aon uair amháin, agus tá fhios agam-sa go bhfuil an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.