Scoil: Machaire Rabhartaigh
- Suíomh:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
- XML Leathanach 258
- XML “Cluichí Eile”
- XML “Cluiche Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eadar n-a páistí eile. Deireann an Rí annsin, "Is mise Rí na gCullach agus tá mé ag dréim le dhul a throid le duine agaibh-se. Éirigheann an duine is feárr de na páistí annsin agus seasann sé ós coinne an ríogh astoigh i lár. Annsin cromann an bheirt síos agus a gcuid lámh thart ar a nglúnaibh aca. Annsin tosnugheadh siad a dhinneadh a chéile go suaimhneach le na gcuid cinn go dtionntóidh duine aca. An duine a bhaineas annsin seasann sé suas agus deireann sé na focla céadna.Ag gabhail thar an rópa
Caithfidh rópa seacht no ocht de shlátaí ar fad a bheith ag duine fá-choinne an cluiche seo a imirt. caithfidh ball cosamhail le ceartlín snáth a bheith teannta go cruaidh ar bhárr an rópa. Caithfidh an ceannphort seasamh i lár an urláir agus greim fhághail ar fhad agus tá na páistí eile ag gabháil thart ar an urlár 'na gciorcal. Bíonn fear an rópa ag casadh thart cruinn an rópa i gcomhnaidhe agus é tuairim agus órdlach nó beirt ar aoirde. Do réir mar tá an rópa ag teacht fhad le gach duine caithfidh seisean léim a thabhairt le dhul tharais. Má chasann an rópa nó mo stadann duine ar bith de na h-imirtheóirí é caithfidh an duine sin a dhul amach as an chluiche. - Cluichí EileNuair a bhiodh páistí cruinn istigh i dteach amháin gheibheadh siad dhá ubhla agus chuireadh siad ceann aca isteach i dtubáin uisce. Annsin chruinnigheadh siad thart ar an tubán. Chromadh siad síos dá réir a chéile agus d'fhiachadh siad le na thógáil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Mín Lárach, Co. Dhún na nGall