Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 277

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 277

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 277
  3. XML “Áitainmneacha Eile”
  4. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Machaire Rabhartaigh. fado shoin ba ghnáth leis na daoine cuid mhór leathaigh agus feamnaighe a bhaint ann. Bhaist siad "Cur na Leathaigh" air annsin.
    An Bhearnaigh Bhán:- Thíos ag taoibh na fairrge atá an áit seo. Tá lag mór ann agus dá dtéightheá amach ann agus an lán mara ag teacht isteach bháthfaidhe thú. Tá dath bán i dtóllamh ar an áit agus baisteadh " An Bhearnaigh Bhán" air de thairbhe sin.
    "An Scairbh":- Ag taobh na tráigha atá an ait seo. Ta cuid mhór gainmhe agus cloch beag fríd a chéile thart san áit. Siocair go rabh sé comh mín agus bhí sé bhaist siad " An Scairbh" air.
    Gárradh Antoine:-Ba le fear a rabh Antoine air an Gárradh seo. Tá claidhe ar phíosa dhe agus crainn ghlasa ar phíosa de.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Áit-ainmneacha
    Tá na h-áiteacha seo uilig suidhte i Machaire-Rabhartaigh. Tugadh an "Sceilp" ar áit amháin ar an fheirm, cionn'us go bhfuil dhá bhinn árda ar gach taobh de agus díog eatorra. Ar gach taobh de'n díog tá talamh réidh. Ba h-é an tuillidh a thug an bhail sin ar an áit fadó agus n ífhuair an áit aon ainm o shoin acht an "Sceilp".
    Tugadh " An Cuirín" ar áit eile cionn'us go raibh cuid mhór creagacha deasa ann. Tá siad uilig ós cionn a chéile agus tá siad ag críochnughadh le bárr geár. Tá leacacha eile thart ortha fosta agus tá siad mar a bhéadh staighre ann.
    Tugadh "Cloch an Bhearraidh" ar áit. Cloch gharbh a bhí ann agus ba ghnáthach le turtóig a bheith o's a cionn. Bhí bachtaí fá'n áit agus bhíodh na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Eibhlin Ní Chanann
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Ní Ghaothcáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    76
    Seoladh
    Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall