Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 285

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 285

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 285
  3. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    réidh ag a máthair dí í é a ithe agus suidhe síos aríst.
    11. Da mhaithe leis féin a ghnídheas an cat crónán:-
    Tá fhios ag achan duine go ndéineann an cat cronán beag binn nuair a bhíos aon duine ghá choimilt le na bhois nó nuair a gheibh sé braon bainne.
    111. Is feárr an t-sláinte na an t-sáinte.
    Is iomdha duine saidhbhir nach bhfuil an t-sláinte aige ró-mhaith, agus b'fheárr leis an t-sláinte a bheith aige nó a bhfuil de shaidhbhteas aige, nó na táinte "(tréada)" bó.
    V1. Nigheachán an t-Satharn bíonn se geal Dia Domhnaigh.
    Sin leithsgéal a bhíos ag an bhean fhallsa nuair a d'fhág sí an nigheachán gan deánamh go deire na seachtmhaine.
    V. Is iomdha cor a chuireann lá Márta de.
    Níl iontaoibh ag duine as bith ins an aimsir an mhí sin, bíonn si ag athrú go minic.
    V1. Cuireann an ghaoth a dtuaidh an bháisteach ar gcúl.
    "An ghaoth andeas bíonn sí tais" Ní bhíonn aon bháisteach leis an ghaoth adtuaidh.
    V11. Is maith an bhean chráidhte an ghaoth.
    V111. An rud a bheathóchas duine, marbhóchadh sé duine eile.
    Deirtear seo nuair a thigeas an rath ar dhuine de bhárr droich-áid a theacht ar a chomharsain.
    V1V. Is iomha cor a chuireann lá Earraigh de.
    Bíonn an aimsir ag áthrú go minic ins an Earrach.
    VV. Ní thigeann ciall roimh aois:-
    Bíonn an duine óg glic aerach agus gan an saoghal ag cur buaridheartha de, agus nuair a thigeas anró agus buaidhreadh an t-saoghail béidh fios aige ar áthrú.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Díocháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    49
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall