Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 290

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 290
  3. XML “Seanfhocla”
  4. XML “Seanfhocla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    garbh mar sin ní bheidh sé a dhath níos fuide ar aghaidh ins an t-saoghal ná an duine a ghlacas gach rud go suaimhneach.
    5. Ná ceannuigh muc i mála.
    Níor cheart do dhuine ar bith rud ar bith a cheannacht ar an mhargadh go dtí go bhfeicidh sé caidé a bhí sé ag ceannacht agus a bheith cinnte go bhfuil gach rud ceart gp leór.
    Eibhlín Ní Chanann, machaire-rabhartaigh, Gort-A'-Choirce, tír Chonaill
    Cathal Ó Canann, machaire-rabhartaigh, Gort-a'-Choirce, Tír Chonaill
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is Mín -na-Lárach an baile fearainn agus is é Cloich-Cheann-Fhaoiligh an pharróiste
    1. Is lom guala gan dearbhshráthair
    2. Is deacair sean-cheann a chur ar ghuailneacha óga.
    3. Nuair a thig an chiall tig an failll.
    4.Seachain an ceann agus buail an muinnéal.
    5. Is feárr go mall ná go bráthach.
    6. Bíonn cead cainnte ag fear caillte na h-imeartha.
    7. Ná bí ar tús agus ná bí ar deireadh acht bhí i lár náire ma's féidir é.
    8. Tiocfaidh an lá a mbogfaidh an bhó a ruball.
    9. Níor druid Dia doras ariamh nár oscail sé ceann eile.
    10. Tá na gearráin dheiridh ag dul 'un tosaigh agus na gárráin thosaigh ag dul 'un deiridh.
    11. Tús maith leath na h-oibre.
    12. Is gaire cabhair Dé nó an doras
    13. Cur síoda ar ghabhar is gabhar i gcomhnuidhe é.
    14. Is maith an sgéalaidhe an aimsir,
    15. Éist le fuaim na h-aibhne agus gheobhaidh tú breac.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seamús Mac Aodha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Mín Lárach, Co. Dhún na nGall