Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 315
  3. XML “Cearca Goir”
  4. XML “Scéaltaí fá Dhaoiní a dTiocfadh leo Bainne a Thabhairt ó Eallach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Sgéaltaí fá dhaoiní a dtiocfadh leo bainne a thabhairt ó eallach.An dóigh a ndeánfadh siad é agus an leigheas a bhí air.
    An chéad lá de Bhealtaine bhíodh siad na suidhe sul i n-éirigheadh an ghrian. Théigheadh siad fhad le naoi dtobar agus bheireadh leo braon uisge as gach ceann. Dóigh eile:- A ghabháil go dtí toighthe a raibh tú ag gabháil a thabhairt leat an ima asta, Lá Bealtaine fosta agus sifín de'n mhuirineach a thabhairt leat. Níl fhios ciacu bhí deilín ghá rádh aca nó nach raibh. Bhí cuid eile aca a chruinnigheadh an méid salachair a bhíodh ar an urlár. Ghnídheadh siad "rí" (row) de thart l lár an toighe. Théigeadh siad féin isteach ann agus thosnuigheadh an deilín aca. Níl fhios caidé an deilín. (aca).
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.