Scoil: Machaire Rabhartaigh

Suíomh:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 319

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1070, Leathanach 319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Leathanach 319
  3. XML “Scéaltaí fá Dhaoiní a dTiocfadh leo Bainne a Thabhairt ó Eallach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fear eile as an Bhealtaine ag imtheacht go Leitir-Ceanainn am. Bhí fear de chuid na comharsan istoigh agus bhi fear an toighe ag deánamh a shuipeara. D'aithin an fear seo go rabh fear an toighe ag imtheacht áit éiginteacht."Cá bhfuil tú ag gabháil?" ar seisean. "Go Leitir Ceanainn", arsa fear an toighe. "Cad chuige"? "Caidé atá ag teacht orm"? "Níl áird agam-sa ar a bhfuil de dhiabhail i n-Ifreann," Bhí go maith d'imthigh sé leis. Nuair a bhí sé ag gabháil amach ballaí na Muicise tchídh sé an toirt ag tarraingt air. "Cad chuige ar dhubhairt tú", ar seisean "Nach raibh áird agat ar a raibh de dhiabhail i n-Ifreann?" "Maise, deirim anois fosta é", arsa an fear. Rinne sé a choisriocadh. Gheárr se an chroich chéasta ar féin, ar an chapall agus idir é fhéin agus an rud dubh. "Cá h-áit a raibh tusa?" arsa an fear, " nuair a dubhairt mé sin".
    " Bhí mé faoi an tábla ag ithe na gcnámh a bhí tusa ag caitheamh uait", arsa an fear dubh. Shiubhal fear an chapaill leis gan eagla ar bith agus siubhal an fear dubh na dhiaidh coiscéim ar choischéim go raibh siad i Leitir ceanainn. Sgairt an coileach annsin agus dubhairt an fear dubh go raibh an t-am aige imtheacht.
    Rinne fear as an Árdaidh bhig droch amharc ar bhó agus í ag ithe féir. Nuair a cuireadh an bhó isteach an oidhche sin thoisigh sí ag léimnigh anáirde ar na ballaí. B'éigean daobhtha giota de chuid éádaigh an fhir a fhághail agus léigheas caithte a dheánamh de'n bhó.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brian Ó hÁrlaí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Éamonn Mac Ruadhraighe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Bhriain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua hÁrlaí
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall