Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 072

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 072

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 072
  3. XML “Ainmhithe Allta”
  4. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl mórán ainmhidhte allta thart fá'n áit seo anois mar níl coillte ar bith aca. Roimhe seo nuair a bhí coillte go léár aca bhí siad go fairsing. Seo cuid de na h-ainmneacha ar na h-ainmhidhthe allta is flúirsighe tahrt annseo anois mar atá Coiníní, Gearrfhiadha, Madaidh-Ruaidh, Broch, Easóg, Dobhar-chú, Grainneóg-fhéir. Roimhe seo le sé nó seacht a bhliadhna ní raibh an broc nó an madadh-ruadh ró fhairsing acht tá siad ag éirghe fairsing anois le cupla bliadhain.
    Bhí cuid mhór coiníní annseo le cupla bliadhain. Ghnídheann na coiníní poill ins an talamh agus bíonn siad in agcomhnaidhe ionnta. Ins na cnuic áít a bhfuil an talamh ró chruaidh agus nach dtig leó poill a dheanamh comhnuidheann said ins an aitinne nó ins an fhraoch. Ainmhidhe beag ruadh níos mó ná cat atá ins an choinín acht níl acht ruball fíor ghairid air. Thig leis rith go gasta fá thuairm cupla céad slat acht éirigheann sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Mac an t Saoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Seanach, Co. Dhún na nGall