Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 073
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuirseach go tapaidh.Tá an gearrfhiadh ar an nadúir amháín leis an choinín chomhair a bheith acht tá sé i bhfad níos mó ná coinín agus tá sé go h-an tapaidh ag rith agus glacann sé cú maith le greim a fhágháil ar chionn aca. Ní deánann an gearrfhiadh poll ar bith san talamh; comhnuigheann sé ins an aitinne nó ins an fhraoch. Nigheann an coinín agus an gearrfhiadh a mbeatha ar fheár nó ar thornapaí ma thig leó tornapaí a fhágháil.Ainmhidhe é an madadh-ruadh a ghnídheann cuid mhór dochair. Goideann sé cearca agus lachain agus éanacha eile le na nithe agus nauir nach dtig leis sin a fhágháil bíonn sé beo ar choiníní. Tá sé fá thuairm ar an mhéid cheádhna le madadh agus tá dath donn air. Bíonn sé beó ins na coillte nó ins na cnuic i bpoill mhóra faoi charraigeacha. Bíonn sé i gcomhnaidhe ins an uaigneas ins an lá. Le tamall fada ní raibh bruic ar bith ins an áit seo acht le cupla bliadhain tá siad ag éirighe fairsing arais. Madadh fada íseal atá ins an bhroc agus ceann mór air. Itheann sé cearca agus coiníní. Bíonn bolamh olc as. Tá ruball mór sguabach air cosamhail leis(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall