Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 072
- XML “Ainmhithe Allta”
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fola choiníní.
- Níl mórán ainmhidhte allta thart fá'n áit seo anois mar níl coillte ar bith aca. Roimhe seo nuair a bhí coillte go léár aca bhí siad go fairsing. Seo cuid de na h-ainmneacha ar na h-ainmhidhthe allta is flúirsighe tahrt annseo anois mar atá Coiníní, Gearrfhiadha, Madaidh-Ruaidh, Broch, Easóg, Dobhar-chú, Grainneóg-fhéir. Roimhe seo le sé nó seacht a bhliadhna ní raibh an broc nó an madadh-ruadh ró fhairsing acht tá siad ag éirghe fairsing anois le cupla bliadhain.Bhí cuid mhór coiníní annseo le cupla bliadhain. Ghnídheann na coiníní poill ins an talamh agus bíonn siad in agcomhnaidhe ionnta. Ins na cnuic áít a bhfuil an talamh ró chruaidh agus nach dtig leó poill a dheanamh comhnuidheann said ins an aitinne nó ins an fhraoch. Ainmhidhe beag ruadh níos mó ná cat atá ins an choinín acht níl acht ruball fíor ghairid air. Thig leis rith go gasta fá thuairm cupla céad slat acht éirigheann sé(leanann ar an chéad leathanach eile)