Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 106
- XML “Filí an Bhaile”
- XML “Filí an Bhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Ní rabh mórán daoine thart fá seo maith ag deánamh fidhileachta. Ba é Mici Eogain Pháidí a b'fheárr. Rinne sé cuid mhór amhrán fá dhaoine. Rinne sé ceann fá Sheamus Mhící Mhaoil agus fear a bhí i na chomhnaidhe ar an t-Seanach. Ní rabh mórán léighinn aige acht muna rabh fhéin bhí sé ábalta amhráin a dheánamh. I nGaedhilg a rinne sé an chuid is mó d'a chuid amhran. Bhí sé i na chomhnaidhe ar an t-Seanach, agus bhí sé na fheirmeóir. Tá sé marbh anois le chomhair a bheith naocha bliadhain.Ní rabh mórán eile a dtiocfadh leo amhráin a dheánamh acht ammháín Seán Ó Buadaigh agus Cathal Mac Gradhann. Bhí siad i na gcomhnaidhe i nDromanaigh. Sgríobhadh siadsan an chuid is mo de na dántaí agu sna h-amhrain. Rinne sé an chuid is mó aca i mBéarla. Tá an bheirt aca marbh anois. Rinne Seán Ó Buadhaigh amhrán fá "Mo shean Dhún na nGall."