Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 120

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 120
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá ceithre tobair bheannuighthe sa pharóiste seo mar tá Tobar Phadraig ag an Chréig Áird, Tobar Phadraig i mBaile-Úr agus Tobar Naomh Colm Cille in Ceathramh na Blaithe agus Tobar Naom Damhadoc.
    Bíonn daoine ag teacht chuig Tobar Naomh Damhadoc gach lá. Bíonn daoine ag teacht chuig Tobar Colm Cille ó'n naomhadh lá sé Iúl go dtí an t-ochtmadh lá déag dé Iúl agus bíonn daoine ag teacht chuig Tobar Phadraig ó lá Fheil Pádraig go dtí an séamhadh lá fichid dé Mhárta.
    Tá trí stáisiún ag tobar Cholm Chille. Ag gach stáisúin deir tú cúig paidir a's cúig Abhe Maria. Do'n duine a fuair an tobar agus an rud céadna dó'n duine a rinne é agus arais deireann tú rud dá (?) na daoine a rinne é, agus arais deireann tú an rud céadna do na daoine a d'fhág na leigheasannaí ann. Ag tobar Naomh Damhadoc deireann tú an rud céadna a deireann túag tobar Chom Cille, agus fosta caitheann tú cloch ar charnán mhór nó fágann tú rud éiginteacht do dhiaidh.
    Sé'n dhóígh a gheibheann na daoine biseach ag tobar Cholm Cille na, luigheann siad ar chloich nó leic atá sa charnán. Má thig codladh ortha gheibheann siad biseach.
    Ní óltar an t-uisge seo acht cuimiltear é ar áit ar bith atá nimhmneach. Bheireann na daoine lán buidéil de'n uisge leo. Fágann gach duine bratóg nó pionna nó rud mar sin na dhiaidh ag an tobar. Tá sgalan ó's cionn an tobair i gCeathramh na Blaithe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bheaglaoich
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Seanach, Co. Dhún na nGall