School: An Cuimín (roll number 6162)
- Location:
- An Coimín, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Aoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cuimín
- XML Page 030
- XML “Scéal - An Béacudán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ceadhna. Bhi cuma ar go rabh rud eighinteacht trom ann. Shuidh sé agus leagadh an máilín i leath-taobh.
Bá gheárr go rabh béile réidh ag bean an toighe do, gídh go mbá shúarach an béile é ní fhuarthas aon locht ar mar gur mhaith an t-annlan an t-ocras. Dubhairt sé gur as Conndae Shligigh é agus go rabh sé ag pilleadh abhaile as Mheiriocá agus gur i nGaillimh a thainic sé i dtír agus go gcaithfeadh sé shiubhal abhaile.
Nuair a bhí sé réidh leis an bhéile d'fosgail sé an máilín agus thairg sé cupla píosa airgead do bhean an toighe acht dhiúltuigh sise pighinn ar bith a ghlacaint uadh. Nuair a bhí sé ag cur arais an t-airgead sa mhála thug bean an toighe giotaí óir fa dear sa mhála agus bhuail sainnt í. Shíl sí dá mbéadh an t-ór aicí go mbéadh saoghal deas aicí fhéin agus a inghean. Fhad agus bhí sé fhéin agus fear an toighe ag cainnt bhí an bhean ag deanamh suas rud eighinteacht ar an dóigh go bhfuighead sí an t-ór nuair a bhéadh an fear in a chodhladh.
Cómh luath agus thuit an stráinsear na chodhladh dinnis an bhean an rún do fhear an toighe fá'n t-ór. Bá bheag cluas a thug sé dithe a chéad uair acht ní rabh sé ag fághail suaimhneas ar bith uaithí. Níor mhaith leis aon dadaidh a dheanamh leis an stráinsear acht thug(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Bhaoghaill
- Gender
- Female
- Address
- Cloghan, Co. Donegal