School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 138
- XML “Mo Ghloine Poitín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deir tusa a sglabhuide nach n'ólfaidh tú uisge
Mar tá sé gan boladh, gan blas nó gan brígh
Gur fhearr leat an deoch a cuireas daoine ar meisge
A mhilleas an t-anam 's a bhriseas an croidhe
Ní h-iongantach liom bagairt na Saoí agus na Sagairt
Nuair castar leí póiteóir mar thú a Spailpín
Och a sean peacach liath, bhfuil agat aon Día
Ach sásad do mhiana an gloinne "Poitín"III
Mó bheannacht go bráth ar shean eorna mó thíre
Gídh garbh a ceann Ó is milis a súgh
Go mairfid go deo liom, na póiteoiride fíora
A' seinm a cáil a's a' moladh a clú
As doimhneacht ar gcroidhtheadh, seo cuimhne ár righeadh
Budh ró mhaith gac fear díobh, ag slugadh a bhraoin
'Gus an séanfaidh an bpór sin, go siorruidhe an déor s[in]
Seo freagra an fhilid an gloine PoitínIII F
Is aibhinn as is aluinn sean eorna do thír.
Ac creid me tá an diabhail é fhéin ins an súgh
Is fairsing san domh seo na poitirí fior[a]
A dfhag sé bocht claoidhte gan cail a's gan cliú
Glach comhairl [?] aoin fhilidh chuaidh sios leis an tulle
Nios mó no leath bhealaigh go h-Ifrionn an "braoin"
Nios gach lá a's gach oidche o'n am seo a choidhche(continues on next page)- Collector
- Pádraig Mac Ailin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Pádraig Ó Scannlan
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Gharbháin, Co. Dhún na nGall