Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- XML Leathanach 0027
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cnoí a chuir faoí na ceann nuair a bheadh sí ins an gcomhra.
Rinneadar mar a dúbhradh leo acht chúala fear éigin é agus dúbhairt sé leis féin go mbheadh béile maith aige as na cnoí. Nuair a bhí sí san uaigh thosuigh sé ar a bhealach go dtí an róilig. Sul ar shrois sé é bhúail beirt fhear leis agus d'innis sé a sgéal dóibh agus dúbhairth siad leis go raibh siad féin ag goid caorach agus dúbhairt siad go dtiocfhadh sé ar ais go dtí an roilig arís dhó. Nuair a shrois sé an roiligh thosuigh sé ag baint an chré, thóg sé suas an comhra, d'oscail sé é, thóg sé amach na cnói agus thosuigh 'ghá n-ithe.
Bhí teach an t-shagairt tamall gearr ó'n roilig agus bhí ar cailín an t-sagairt uisge a thúbhairt isteach le h-aghaidh na h-oidhche agus bhí uirthí dul tríd an roilig ag dul go dtí an tobar. Nuair a bhí sí in aice leis an roilig chuala sí torann na gcnó ag an uaigh agus cheap sí gurbh í an bean marbh a bhí 'ghá mbhriseadh. Rith sí abhaile agus dúbhairt sí leis an (mbuchaill) mbuachaill go raibh an bean na suidhe ar an gcomhra agus í ag briseadh na gcnó. Dúbhairt an buachaill go rachadh sé féin chuig an tobar agus nach mbheadh faithchios air. Nuair a bhí sé ag teacht in aice leis an roilig chúala sé an torann agus bhuail faitchios é agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Seoighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Caithrín Liath, Co. na Gaillimhe