Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- Suíomh:
- Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
- XML Leathanach 0085
- XML “Toibreacha Beannaithe - Tobar Beirnéain”
- XML “Toibreacha Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tá tobar beannuighthe i nGráinseach i bparáiste Lachaigh agus cúpla céad slat ó abha an Chláir. Tobar Seibhne a tugtar air. Deirtear go raibh aingeal le feiceal ann fadó agus tá lorg a choise le feiceal ar cloich le h-ais an tobair. Tá sgeacha ag fás in aice leis an tobar agus deirtear gurbh é Naomh Seibhne a chuir ann iad.
Tá tobar beannuighthe eile i mBaile Áth an Ríogh tímcheall le leath mhíle taobh shoir ó dheas ó'n gcathair. Tobar na Maighdine Muire iseadh é. Téighean na daoine ann an cúigeadh lá déag de Lúghnasa agus an t-ochtadh lá de Mheadhon Fhóghmhair. Suibhlann siad timcheall an tobair agus deireann siad paidrecha agus ólann siad deoch as an tobar.