Scoil: Cúl Árann (Clochar)

Suíomh:
Cúl Árann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0020, Leathanach 0123

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0020, Leathanach 0123

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cúl Árann (Clochar)
  2. XML Leathanach 0123
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus rinne sé an t-amhrán sín suas futha.
    Bhí fear i bparáiste Corofín fadó agus bí sé bocht. Bí cíos dá bliadháin loithe air agus dubhairt an tighearna talmhan go gcuireadh sé amach é mhuna n-íocfádh sé an cíos ar fád. Ní tiubrádh sé am no spás dó leis an cíos a íoch. Ní raibh aige acht aon mhac amháin agus d'iarr sé de'n mac an bpósadh sé dá bhfuigeadh sé an cailín óg ba maith leis. Dubhairt an t-athair leis annsín gur chuala sé go minic nach raibh aon airgead i dteach an cailín sín. Céard a mheas tú adeir an t-athair leis an bposádh tú inghean Shéamuis Uí Bhrún. Níl fhíos agam adeir an mach leis an athair tá sí dhá fichead bliadhain d'aois agus shilim go bfhuil sí beagán caoch freisin. Is cuma sin arsa an t-athair má tá roinnt airgead aicí déanfaidh sí an cuid obair. Buel athair ar sa an mac ní rachaidh mé in do t-aghaidh acht tá faithcios orm go mbeidh aith-
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairín Ní Choncarra
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Turlach Mór, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padhraigh Ó Úigínn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Turlach Mór, Co. na Gaillimhe