Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Aodh Ó Dubhagáin. Bhíodh sé ag imtheacht i n-éindigh leis na sídheóga in-gach uile áit agus bhí cumhacht chomh mór ag Aodh is bhí ag na sidheóga. Chuaidh Aodh go Conndae an Ríogh in-éindigh leis na sidheógaibh i gcoinne mná uaisle agus dubhairt na sidheóga le h-Aodhh dá ndéanfadh an bhean uasal sréabhfhairt gan í a fhreagairt agus go mbeadh an bhean uasal ag teacht abhaile aca. Níor bhfhada dóibh ann go ndéarna an bhean uasal sréabhfairt agus dubhairt Aodh "Dia agus Muire agus do shláine leat". Bhí fearg mhór ar na sidheógaibh. Rugadar ar Aodh agus bhuaileadar a sáith air. D'imthig na sidheóg agus Aodh i gcoinne na mná uaisle agus thugadar abhaile leo í go Cnocán Droighnín mar is aann a bhíodar i n-a gcomhnuighe. Dubhairt Aodh go raibh sí saothruighthe aige féin comh maith beobhsan agus thug sé abhaile leis í siar go Cathair Gamhainn. Ní raibh aon chainnt ag an mnaoi annsin acht chuaidh Aodh soir go Cnocán Droighnín in-áit a mbíodh na sidheóga leis an ag rádh leis am gcuid eile go raibh buirán suain i na gruaig ar chúl a chinn. D'imthig Aodh abhaile annsin agus tharraing sé an biorán suain a bhí i na gruaig agus bhí aice comh maith is bhí arriamh. Bhí bó annsin aige agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seaghan Ó Nuadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 72
- Seoladh
- Droim na Gaoithe, Co. na Gaillimhe