Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0136
- XML “Scéal faoi Naomh Pádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a tháinig Naomh Pádhraigh go h-Éirinn ag múnaidh an chreidimh fír, bhí Mananán Mac Lir ann roimhe agus bhí Naomh Pádhraig ag iarraidh an Creideamh Fíor a mhúnadh dó féin agus dá mnaoi. Agus dubhairt siad go n-athróchadh siad leis dá mbeireadh Naomh Pádhraigh istigh sa teach ortha. Bhíodh Naomh Pádraig istigh sa teach ortha. Bhíodh Naomh Pádraig ag iarraidh teacht i n ganfhios ortha. Bhíodh cléireach ag Naomh Pádhraig ag freastal an Aifrinn dó. Domhnach amháin d'iarr Mananán Mac Lir ar an gcléireach Sifreann a fhriotháil dó. Shíl an cléireach gur bh'é Naomh Padhraig a bhí ann agus dubhairt sé go bhfriothálfadh sé an t-Aifreann dó. Nuair a bhí an t-Aifreann léighthe ag Mananán, tháinig Naomh Pádhraig agus dubhairt sé leis an gcléireach an t-Aifreann d'fhriotháil dó. "Nach ar ball d'fhriotáil mé Aifreann duit" adeir sé. "Ní domsa é" adeir Naomh Pádhraig. "Seadh" arsa an cléireach. Dúbhairt Naomh Pádraig. "go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe