Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Naomh Seosamh agus an Mhaighdean Mhuire ag siubhal lá agus sa tráthnóna dubhairt Naomh Seosamh leithi dul isteach sa teach sin anois agus a rádh le na daoine an féidir leobhtha í a choinneáil istigh ann ar feadh na h-oidhche agus dubhairt siad go raibh siad go h-an-bhocht acht dubhairt siad go dtiubhradh siad lóistín dí, ar chuma ar bith. Annsin chuaidh sí amach go Naomh Seosamh agus dubhairt sé go raibh sin go maith agus dubhairt sé go mbeadh sé féin ag siubhal thart go maidin. Chuaidh sí isteach sa teach agus fuair sí go leor bidh. Annsin chuaidh sí ina chodhladh go maidin. Amach leithe annsin ar maidin agus bhí Naomh Seosamh amuigh sa mbóthar agus d'fhiafruigh sé dí ar chodail sí go maith aréir agus dubhairt sí gur chodail. Siúd ar aghaidh leo agus bhí siad ag dul thart mar sin ar feadh bliadhna. Bhí na daoine bochta ag éirighe go h-an-saidhbhir agus thóg siad teach nuadh agus bhí siad chomh saidhbhir sin is go mbíodh siad ag caitheamh airgid amach san mbóthar. Bhí an bliadhain shuas agus chuaidh siad thart arís. Dubhairt Naomh Seosamh an rud chéadhna leis an Maighdin Muire agus chuaidh sí isteach agus d'iarr sí an rud céadhna. Tháinig bean amach leis an doras d'osgailt. Annsin chuaidh si isteach i seomra agus bhí fear an tuighe istigh ann agus é ólta agus thosuigh sé ag glaodhach ainmneacha ar an Mhaighdean Mhuire. Amach léith go dtí Naomh Seosamh agus dubhairt sé "na bac leobh" Chuaidh siad ag siubhal arís ar feadh bliadhna agus tháinig siad thart arís ar feadh bliadhna agus tháinigh siad thart arís. Bhí siad ag féachaint isteach agus bhí na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Liam Mag Fhloinn
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seoirse Mag Fhloinn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe